Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 31:1-11 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Ionnadsa, a THIGHEARNA, chuirim mo dhóthchus; ná léig mo náiriughadh go bráth: sáor mé ann thfiréantachd.

2. Cláon do chlúas chugam; sáor mé go lúath: bí dhamhsa ad charruig neirt, gus mar thigh cumhduigh dom dhídion.

3. Oír is tú mo charruig agus mo dhaingion; air a nadhbharsin ar son thanma tréoruidh mé, agus dírigh mé.

4. Tarruing amach mé as an líon noch do fholuigheadar am choinne: óir is tú mo neart.

5. Ann do láimhsi chuirim mo spiorad: dfúasguil tú mé, a THIGHEARNA Día na fírinne.

6. Fúathighim an luchd choimhéadas díomháoineas bréagach: acht cuirim mo dhóthchus annsa TTIGHEARNA.

7. Bíad lúathghaireach agus do dhéan gáirdeachus ann do thrócaire: oír do chonnairc tú mo bhuáidhreadh; agus daithin tú manam a néigion;

8. Agus nior thoirbhir tú mé a láimh mo námhad: do chuiris mo chosa a nionad fháirsing.

9. Déan trócaire orum, a THIGHEARNA, óir atáim a mbúaidhreadh: atá mo shúil ar na cnáoi le díbhfheirg, manam fós, agus mo bholg.

10. Oír do caitheadh mo bheatha le doilghios, agus mo bhlíadhna re hosnadhuibh: do laghduigh mo neart tre méaigceart, agus atáid mo chnámha ar na ccnaói.

11. Do bhí mé am scannail a measc measccarad uile, agus go háirigh dom chomharsanuibh, agus am eagla dom luchd aitheantuis: an lucht do chonnairc amuigh mé do theitheadar uáim.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 31