2. Is iomadamhuil an drong a deir rém anam, Ní bhfuil cabhair air bith dhó a Ndía. Selah.
3. Acht tusa, a THIGHEARNA, atá tú ad scéith dhamhsa; mo ghlóir, agus fear tógtha súas mo chinn.
4. Déighios chum an TIGHEARNA lem ghuth, agus do chúaluidh sé mé amach as a chnoc náomhtha. Selah.
5. Do luigh mé síos; agus do chodlas do dhúisighios; óir do chothuigh an TIGHEARNA mé.
6. Ní bhiáidh eagla orum roimhe dheich míle don phobal, noch do chuir íad féin timchioll am aghaidh.
7. Eírigh, ó a THIGHEARNA; anaic mé, ó mo Dhía: óir do bhuáil tú mo naimhde uile air chnáimh an ghéill; do bhrisis fíacla na druinge neimhdhíadha.
8. Is ón TTIGHEARNA thig slanughadh: atá do bheannachd air do phobal. Selah.