2. Tugaidh don TIGHEARNA an ghlóir is ceart dá ainm; adhruidh an TIGHEARNA a scéimh a naomhthachda.
3. Atá guth an TIGHEARNA ós cionn na nuisgeadh: tóirnigh Día cumhachdach na glóire: atá an TIGHEARNA ós cionn na nuisgeadh mór.
4. Atá guth an TIGHEARNA a gcomhachta; atá guth an TIGHEARNA a mórdhacht.
5. Brisigh guth an TIGHEARNA crainn chéadair; iseadh, brisigh an TIGHEARNA céadair Lebanon.
6. Do bheir fós orra lingeadh amhuil láogh; Lebanon agus Sirion amhuil unicorn óg.
7. Roinnigh guth an TIGHEARNA lasracha na teineadh.