1. Tugaidh don TIGHEARNA, a chlann na ccumhachdach, tugaidh don TIGHEARNA glóir agus neart.
2. Tugaidh don TIGHEARNA an ghlóir is ceart dá ainm; adhruidh an TIGHEARNA a scéimh a naomhthachda.
3. Atá guth an TIGHEARNA ós cionn na nuisgeadh: tóirnigh Día cumhachdach na glóire: atá an TIGHEARNA ós cionn na nuisgeadh mór.
4. Atá guth an TIGHEARNA a gcomhachta; atá guth an TIGHEARNA a mórdhacht.
5. Brisigh guth an TIGHEARNA crainn chéadair; iseadh, brisigh an TIGHEARNA céadair Lebanon.
6. Do bheir fós orra lingeadh amhuil láogh; Lebanon agus Sirion amhuil unicorn óg.
7. Roinnigh guth an TIGHEARNA lasracha na teineadh.
8. Croithigh guth an TIGHEARNA an díothramh; croithigh an TIGHEARNA díothramh Chádes.
9. Do bheir guth an TIGHEARNA ar na heilitibh laóigh do bhreith, agus do ní na coillte lom: agus iona theampull labhruidh a nuile dhuine a ghlóir.
10. Suighidh an TIGHEARNA ós cionn na tuile: agus suighidh an TIGHEARNA na Rígh go bráth.
11. Do bhéara an TIGHEARNA neart dá phobal; benneochuidh an TIGHEARNA a phobal le síothcháin.
Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 29