Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 28:1-9 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Chugadsa gháirfeas mé, a THIGHEARNA mo charruig; na bí boghar am tháobhsa: deagla, muna bhfreagarthá mé, go madh cosmhuil mé ris a ndróing théid síos don log.

2. Cluin guth mo athchuinge, a nuáir chomhaircfead chugad; a núair thóigfead súas mo lámha chum horacuil náomhtha.

3. Na tárruing mé leis na cionntachaibh, ná leis a ndróing oibrighios olc, noch labhras síothcháin ré na ccomharsanuibh, a nuáir bhíos urchóid iona ccroidhe.

4. Tabhair luáigheacht dóibh do reír a ngníomh, do reír urchóide a ndithchill: tabhair dhóibh do reír oibre a lámh; tabhair dhóibh a luáigheacht.

5. Oír ní bhfuil meas aca air oibribh an TIGHEARNA, nó ar oibriughadh a lámh, brisfe sé síos íad, agus ní chuirfidh súas íad.

6. Go madh beannuigh an TIGHEARNA, oír do chúalaidh sé guth mo íarratuis.

7. Isé an TIGHEARNA mo neart agus mo scíath; do chuir mo chroidhe a dhóigh ann, agus do cobhruigheadh mé: ar a nadhbharsin do dhéana mo chroidhe gáirdeachus; agus molfad é le mo chaintic.

8. Isé an TIGHEARNA a neartsan, agus sé neart saórtha a ungthaigh é.

9. Tárthaidh do dhaóine, agus beannuigh hoighreacht: beathuidh fós íad, agus árduigh íad go bráth.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 28