Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 28:1-4 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Chugadsa gháirfeas mé, a THIGHEARNA mo charruig; na bí boghar am tháobhsa: deagla, muna bhfreagarthá mé, go madh cosmhuil mé ris a ndróing théid síos don log.

2. Cluin guth mo athchuinge, a nuáir chomhaircfead chugad; a núair thóigfead súas mo lámha chum horacuil náomhtha.

3. Na tárruing mé leis na cionntachaibh, ná leis a ndróing oibrighios olc, noch labhras síothcháin ré na ccomharsanuibh, a nuáir bhíos urchóid iona ccroidhe.

4. Tabhair luáigheacht dóibh do reír a ngníomh, do reír urchóide a ndithchill: tabhair dhóibh do reír oibre a lámh; tabhair dhóibh a luáigheacht.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 28