Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 27:1-9 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Ise an TIGHEARNA mo sholus agus mo shlánughadh; cía re a mbiáidh eagla agum? sé an TIGHEARNA neart mo bheatha; cía budh eagal damh?

2. A nuáir thangadar luchd déanta a nuilc, meascáirde agus mo naimhde, am aghaidh dithé mféola, fúaradar féin tuisleadh agus do thuiteadar.

3. Dá ccampuigheadh slúagh am aghuidh, ní bhía eagla air no chroidhe: dá neirgheadh cogadh am aghaidh, annso bhías mé dóthchusach.

4. Aóinní amháin dathchuingidh mé air an TTIGHEARNA, ag sin a ní íarrfad; mo chomhnuighe a ttigh an TIGHEARNA air feádh láethe mo sháoghail, dféuchuin air scéimh an TIGHEARNA, agus bheith go moch iona theampall.

5. Oir foileochuigh sé mé iona pháilliún a ló a nuilc: coimhéudfuidh mé go secréideach a nuáignios a thabernacuil; ar charruic thóigfios sé súas mé.

6. Agus a nois áirdeochur mo cheann ós cionn mo námhad fa ccuairt am thimchioll: agus íodhborad iona thabernacuil íodhbartha gáirdeachuis; canfad, agus do dhéan salm don TIGHEARNA.

7. Cluin, a THIGHEARNA, a nuáir ghairim rem ghuth: agus déan trócaire orum, agus freagair mé.

8. Mar a dubhairt tusa, iarruidhse mo aghaidh; haghuidh, a dubhairt mo chroidhesi riot, iarrfad a THIGHEARNA.

9. Ná foluigh haghuidh uáim; ná fill ód sherbhíseach a bhfeirg: bá tú mo chabhair: ná fág mé, agus ná tréig mé, a Dhé mo shlánuighthe.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 27