5. Do fhúathuigh mé coimhthionól luchd déanta a nuilc; agus ris an ccionntach ní shuighfe mé.
6. Nighfe mé mo lámha a neimhchionntuibh: agus tiucfad timchioll haltóra, a THIGHEARNA:
7. Iondus go bhfoillsighe mé ré guth thabhartha buidheachuis, agus go ninnse mé hoibreacha iongantacha uile.
8. A THIGHEARNA, do ghrádhuigh mé comhnuighe do thighe, agus ionad comhnuighe do ghlóire.
9. Ná cruinnigh manam lé peacachuibh, ná mo bheatha ré daóinibh fuilteacha:
10. Ann a láimh a bhfuil urchóid, agus a lámh dheas líonta do thiodhlaicthibh.
11. Acht am tháobhsa, siubholuigh mé ann mo dhioghruis: sáor mé, agus deán trócaire orum.
12. Atá mo chos na seasamh a nionad chomhthrom: annsna coimhthionóluibh beinneochad an TIGHEARNA.