Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 26:1-12 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Beir breath orum, a THIGHEARNA; óir do shiubhail mé an mionnracus: agus fós annsa TIGHEARNA do bhí mo dhóigh; nach sciorrfa mé:

2. Spíon mé, a THIGHEARNA, agus teastuidh mé; indearbh mo dhubháin agus mo chroidhe.

3. Oír atá do chinéul grádhach ós coinne mo shúl: agus do shiubhail mé ann thfírinne.

4. Níor shuigh mé ré daoinibh díomhaóine, ní mó rachfas mé a steach le mealltóirighibh.

5. Do fhúathuigh mé coimhthionól luchd déanta a nuilc; agus ris an ccionntach ní shuighfe mé.

6. Nighfe mé mo lámha a neimhchionntuibh: agus tiucfad timchioll haltóra, a THIGHEARNA:

7. Iondus go bhfoillsighe mé ré guth thabhartha buidheachuis, agus go ninnse mé hoibreacha iongantacha uile.

8. A THIGHEARNA, do ghrádhuigh mé comhnuighe do thighe, agus ionad comhnuighe do ghlóire.

9. Ná cruinnigh manam lé peacachuibh, ná mo bheatha ré daóinibh fuilteacha:

10. Ann a láimh a bhfuil urchóid, agus a lámh dheas líonta do thiodhlaicthibh.

11. Acht am tháobhsa, siubholuigh mé ann mo dhioghruis: sáor mé, agus deán trócaire orum.

12. Atá mo chos na seasamh a nionad chomhthrom: annsna coimhthionóluibh beinneochad an TIGHEARNA.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 26