Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 25:4-20 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. Foillsigh a THIGHEARNA, do shlighthe dhamhsa; taisbéin damh do chasain.

5. Tréoruigh mé ann thfírinne, agus teagaisc mé: óir is tú Día mo shlánuighthe; ortsa bhím ag feithiomh air feadh an laói.

6. Cuimhnigh do thrócaire chinealta, ó a THIGHEARNA, agus do mhuinnteardhas grádhach; óir atáid ann a ríamh.

7. Ná cuimhnigh peacadh móige, ná mo sháruighthe: do reír do thrócaire cuimhnigh mé ar son do mhaitheasa, a THIGHEARNA.

8. Is maith agus is díreach an TIGHEARNA: uimesin teagaiscfidh sé na peacuich san tslighe.

9. Tréorochuidh sé na ceannsaighthe a mbreitheamhnus: agus múinfidh sé a shlighe do na ceannsaighthibh.

10. Is trócaire agus fírinne slighthe an TIGHEARNA uile don luchd chongmhus a chunnradh agus a fhiaghnuiseadh.

11. Ar son hanma, a THIGHEARNA, iseadh mhaithfeas tú méaigceart; bíodh gur mór sin.

12. Cia hé an duine air a bhfuil eagla an TIGHEARNA? múinfe sé é annsa tslighe thoighfeas sé.

13. Aitreobhuidh a anam a maith; agus biáidh oidhreacht na dúithche aga chloinn.

14. Atá rún an TIGHEARNA ag an luchd eagluigheas roimhe; agus foillsighidh a chunnradh dhóibh.

15. Atáid mo shúile a ccomhnuidhe chum an TIGHEARNA; óir do bhéara sé mo chos as an líon.

16. Féuch orum, agus déan trócaire orum; óir atáim áonránach agus buaidheartha.

17. Do fairsingeadh buáidhreadh mo chroidhe: ó tabhairsi amach as manacra mé.

18. Féuch ar manacra agus air mo phéin; agus maith mo pheacuidhe uile dhamh.

19. Féuch air mo naímhde; óir atáid ar na méudughadh; agus atá fúath aca orum le foiréigion.

20. Coimhéad manam, agus sáor mé: agus ná náirighthear mé; do bhrígh go bhfuil mó dhóthchus ionnadsa.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 25