1. Chugadsa, ó a THIGHEARNA, thógbhuim súas manam,
2. O mo Dhía, cuirim mo dhóthchus ionnad: ná náirighthear mé, na déanaid mo naimhde gáirdeachus ós mo chionn.
3. Fós, an mhéid chuiríos a ndóigh ionnad ná náirighthear íad: bíodh náire air a ndroing noch chionntuighios gan chúis.
4. Foillsigh a THIGHEARNA, do shlighthe dhamhsa; taisbéin damh do chasain.
5. Tréoruigh mé ann thfírinne, agus teagaisc mé: óir is tú Día mo shlánuighthe; ortsa bhím ag feithiomh air feadh an laói.
6. Cuimhnigh do thrócaire chinealta, ó a THIGHEARNA, agus do mhuinnteardhas grádhach; óir atáid ann a ríamh.
7. Ná cuimhnigh peacadh móige, ná mo sháruighthe: do reír do thrócaire cuimhnigh mé ar son do mhaitheasa, a THIGHEARNA.