9. Acht is tusa thug misi amach as an mbroinn: thug tú orum dóthchus do bheith agam agus mé ar chíochuibh mo mhathar.
10. Ortsa do teilgiodh mé ón mbroinn: ó bholg mo mhathar is tú mo Dhía.
11. Ná bí a bhfad uáim: óir atá buáidhreadh a ngar; óir ní bhfuil fear cunganta.
12. Do thimchiolladar iomad bulóg mé: tairbh neartmhara Básan thangadar am thimchioll go cruinn.
13. Dfoscladar a mbeul orum, amhuil leomhan ag inghreim agus ag búirfidh.
14. Atáim ar mo dhortadh amach amhuil uisge, atáid mo chnámha uile as a nionad fein: is cosmhuil re céir mo chroidhe; ar leaghadh a meadhon minnigheadh.
15. Atá mo neart ar na thiormughadh amhuil criáidh loisge; agus do cheangail mo theanga dom ghíalluibh; agus thugais mé go luáithreadh an bháis.
16. Oír thangadar madraidhe am thimchioll: díadhadar coimhthionól na ndroch-dhaóine am thimchioll: do tholladar mo lámha agus mo chosa.
17. Féaduim mo chnámha uile dáireamh: do chíd síad agus amhaircid orum.
18. Roinnid méadach eaturra, agus do theilgeadar crannchair air mo chúlaidh.
19. Acht thusa a THIGHEARNA, na bí a bhfad úaim: ó mo neart, deithfrigh dom chabhair.
20. Sáor manam ón ccloidheamh; mo áon ó neart an mhadraidh.
21. Coimhéad mé ó bhéul an leomhuin: óir do chúala tú mé ó adharcaibh na hunicorn.