6. Acht peist misi, agus ní duine; scannail na ndaóine, ar mo tharcuisniughadh ag an bpobal.
7. Gach a bhfaicionn mé atáid ag magadh orum: iompóighid amach a mbéul, croithid a cceann,
8. Ag rádh, Do chuir sé a dhóigh san TTIGHEARNA go saorfadh é: fúasgladh sé é, ó tá dúil aige ann.
9. Acht is tusa thug misi amach as an mbroinn: thug tú orum dóthchus do bheith agam agus mé ar chíochuibh mo mhathar.
10. Ortsa do teilgiodh mé ón mbroinn: ó bholg mo mhathar is tú mo Dhía.
11. Ná bí a bhfad uáim: óir atá buáidhreadh a ngar; óir ní bhfuil fear cunganta.