21. Coimhéad mé ó bhéul an leomhuin: óir do chúala tú mé ó adharcaibh na hunicorn.
22. Foillseachuidh mé hainm dom dhearbhráithribh: a lár an choimhthionoil molfa mé thú.
23. Sibhsi air a bhfuil eagla an TIGHEARNA, moluidh é; síol Iácob uile, glóruidhe é; agus bíodh a eagla oruibh, a shíol Israel uile.
24. Oír níor tharcuisnigh agus níor fhuáithigh sé aindese an duine bhoichd; agus níor fholuigh a aghuidh uadha; agus a nuáir do ghoir sé air, do chaluáidh sé.
25. Budh tusa mholfas mé ann sa chomhdháil mhóir: coimhlionfa mé móide ós a ccuinne agá bhfuil a eagla orra.
26. Iosaid na daoine macanta agus biáid sásta: molfuid an TIGHEARNA an luchd íarrus é: mairfidh bhur ccroidhe go bráth.
27. Cuimhneochuid críocha na talmhan uile é agus iompóchuid chum an TIGHEARNA: agus do dhéanuidh a nuile chineadh do na geinteibh adhradh ós a choinne.
28. Oír is leis an TTIGHEARNA an rioghacht: agus isé is úachdarán a measc na ccineadhach.
29. Gach a bhfuil reamhar ar talamh íosuid agus do dhéanaid adhradh: a rachuidh síos don luaithreadh claonfuid ós a choinne: agus ní dhéana aóinneach a anam féin do chongmháil béo.
30. Do dhéaná sliochd serbhís dó; áirmheochthar don TIGHEARNA mar ghinealach é.