Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 22:20-31 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

20. Sáor manam ón ccloidheamh; mo áon ó neart an mhadraidh.

21. Coimhéad mé ó bhéul an leomhuin: óir do chúala tú mé ó adharcaibh na hunicorn.

22. Foillseachuidh mé hainm dom dhearbhráithribh: a lár an choimhthionoil molfa mé thú.

23. Sibhsi air a bhfuil eagla an TIGHEARNA, moluidh é; síol Iácob uile, glóruidhe é; agus bíodh a eagla oruibh, a shíol Israel uile.

24. Oír níor tharcuisnigh agus níor fhuáithigh sé aindese an duine bhoichd; agus níor fholuigh a aghuidh uadha; agus a nuáir do ghoir sé air, do chaluáidh sé.

25. Budh tusa mholfas mé ann sa chomhdháil mhóir: coimhlionfa mé móide ós a ccuinne agá bhfuil a eagla orra.

26. Iosaid na daoine macanta agus biáid sásta: molfuid an TIGHEARNA an luchd íarrus é: mairfidh bhur ccroidhe go bráth.

27. Cuimhneochuid críocha na talmhan uile é agus iompóchuid chum an TIGHEARNA: agus do dhéanuidh a nuile chineadh do na geinteibh adhradh ós a choinne.

28. Oír is leis an TTIGHEARNA an rioghacht: agus isé is úachdarán a measc na ccineadhach.

29. Gach a bhfuil reamhar ar talamh íosuid agus do dhéanaid adhradh: a rachuidh síos don luaithreadh claonfuid ós a choinne: agus ní dhéana aóinneach a anam féin do chongmháil béo.

30. Do dhéaná sliochd serbhís dó; áirmheochthar don TIGHEARNA mar ghinealach é.

31. Tiucfaid síad, agus foillseóchuid a fhíréuntachd don luchd bhéarthair, go ndéarna sé é.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 22