18. Roinnid méadach eaturra, agus do theilgeadar crannchair air mo chúlaidh.
19. Acht thusa a THIGHEARNA, na bí a bhfad úaim: ó mo neart, deithfrigh dom chabhair.
20. Sáor manam ón ccloidheamh; mo áon ó neart an mhadraidh.
21. Coimhéad mé ó bhéul an leomhuin: óir do chúala tú mé ó adharcaibh na hunicorn.
22. Foillseachuidh mé hainm dom dhearbhráithribh: a lár an choimhthionoil molfa mé thú.
23. Sibhsi air a bhfuil eagla an TIGHEARNA, moluidh é; síol Iácob uile, glóruidhe é; agus bíodh a eagla oruibh, a shíol Israel uile.