Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 22:17-22 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

17. Féaduim mo chnámha uile dáireamh: do chíd síad agus amhaircid orum.

18. Roinnid méadach eaturra, agus do theilgeadar crannchair air mo chúlaidh.

19. Acht thusa a THIGHEARNA, na bí a bhfad úaim: ó mo neart, deithfrigh dom chabhair.

20. Sáor manam ón ccloidheamh; mo áon ó neart an mhadraidh.

21. Coimhéad mé ó bhéul an leomhuin: óir do chúala tú mé ó adharcaibh na hunicorn.

22. Foillseachuidh mé hainm dom dhearbhráithribh: a lár an choimhthionoil molfa mé thú.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 22