1. Mo Dhía, mo Dhía, cred fár thréigis mé? agus tú a bhfad óm shlánughadh, ó bhriathruibh mo ghártha?
2. Mo Dhía, comhaircfim annsa ló, agus ní chluin tú; annsa noidhche, ní bhfuil suáimhneas agam.
3. Acht atá tusa náomhtha, thusa áitreabhus a molta Israel.
4. Ionnadsa do chuireadar ar naithre a ndóigh: do chuireadar, agus do sháor tú íad.
5. Chugadsa do chomhairceadar, agus do sáoradh íad: ionnad do chuireadar a ndóthchus, agus níor claóidheadh íad.
6. Acht peist misi, agus ní duine; scannail na ndaóine, ar mo tharcuisniughadh ag an bpobal.
7. Gach a bhfaicionn mé atáid ag magadh orum: iompóighid amach a mbéul, croithid a cceann,
8. Ag rádh, Do chuir sé a dhóigh san TTIGHEARNA go saorfadh é: fúasgladh sé é, ó tá dúil aige ann.
9. Acht is tusa thug misi amach as an mbroinn: thug tú orum dóthchus do bheith agam agus mé ar chíochuibh mo mhathar.
10. Ortsa do teilgiodh mé ón mbroinn: ó bholg mo mhathar is tú mo Dhía.
11. Ná bí a bhfad uáim: óir atá buáidhreadh a ngar; óir ní bhfuil fear cunganta.
12. Do thimchiolladar iomad bulóg mé: tairbh neartmhara Básan thangadar am thimchioll go cruinn.
13. Dfoscladar a mbeul orum, amhuil leomhan ag inghreim agus ag búirfidh.
14. Atáim ar mo dhortadh amach amhuil uisge, atáid mo chnámha uile as a nionad fein: is cosmhuil re céir mo chroidhe; ar leaghadh a meadhon minnigheadh.