Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 21:9-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

9. Do dhéana tú íad mar bhácús tinntighe a naimsir thfeirge: cnaóidhfidh an TIGHEARNA iona fheirg íad, agus sluigfidh an teine íad.

10. Scriosfa tú a ttoradh ón ttalamh, agus a síol ó chloinn Adhaimh.

11. Oír do chomhairligheadar olc ad aghaidh: do smuáinigheadar cleasradh urchóideacha, nár fhéadadar do chríochnughadh.

12. Uime sin chuirfios tú romhad íad, mar bhuta re ccaitear soighde cuirfi tú do shoighde air do shranguibh as choinne a néadain.

13. Arduigh thú féin, a THIGHEARNA, ad neart: marsin chanfum agus mholfam thárrachtus.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 21