1. A THIGHEARNA, ann do neartsa dhéanas an righ gairdeachus; agus cred é a lúathgháirigh bhías sé ad shlánughadh!
2. Thug tú toil a chroidhe dhó: agus níor chonnuimh tú uádh íarratas a bhéil. Selah.
3. Thug tú dho fós beannughadh na maitheasa suil do íarr sé: do chuiris coróin dór fhíorghlan air a chionn.
4. Díarr sé beatha ortsa, agus thugais sin do, fad láithéadh go saoghal na saoghal.
5. Is mór a ghlóirsion ann do shlánughadh: mórdhacht agus onóir do chuir tú air.
6. Do dhéana tú fós ro bheannuigh é go bráth: do dhéana tú ro lúathghaireach é lé do ghnúis.
7. Do bhrígh go bhfuil dóigh an rígh annsa TTIGHEARNA, agus maille re trócaire an té is ro Airde ní chorrochthar é.
8. Do gheabhaidh do lámh amach do naimhde uile: do gheabha do lámh dheas an luchd fhúaithigheas thú.
9. Do dhéana tú íad mar bhácús tinntighe a naimsir thfeirge: cnaóidhfidh an TIGHEARNA iona fheirg íad, agus sluigfidh an teine íad.
10. Scriosfa tú a ttoradh ón ttalamh, agus a síol ó chloinn Adhaimh.
11. Oír do chomhairligheadar olc ad aghaidh: do smuáinigheadar cleasradh urchóideacha, nár fhéadadar do chríochnughadh.