Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 2:1-12 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Cred fa ndéanuid na geinte baóis, agus fa smúainid na daóine díomhaóineas?

2. Cuirid ríghthe na talmhan íad féin a cceann a chéile, agus glacaid na ríaghlóirigh comhairle, re chéile a naghaidh an TIGHEARNA, agus a naghaidh a ungthaigh, ag rádh,

3. Briseam ó chéile a ccuibhreacha, agus teilgiom uáinn a cceangail.

4. An té shuighios ansna flaitheasuibh do dhéana sé gáire: do dhéana an TIGHEARNA fochmhuid orra.

5. Annsin laibheoruidh sé ríu iona fheirg, agus cráidhfidh sé íad iona dhíbhfheirg.

6. Gidheadh do chuir misi mo rígh air mo chnoc náomhtha Sion.

7. Foillseocha mé an reachd: a dubhairt an TIGHEARNA riomsa, Is tú mo Mhac; a niugh do ghin mé thú.

8. Iarr orum, agus do bhéara mé dhuit na geinte mar oighreacht, agus na codcha is imchéine don talamh mar sheilbh.

9. Brisfe tú íad lé slait íaruinn; mion-bhruighfir íad iona ccodchuibh mar shoightheach críadh.

10. Bíthí glic anois uimesin, ó a righthe: glacuidh teagasg, a bhreitheamhuin na talmhan.

11. Fóghanuigh don TIGHEARNA maille le heagla, agus lúathgáirighidh maille le creathaibh.

12. Póguidh an Mac, deagla go mbíadh sé feargach, agus go rachadh sibh a múgha san tslighe, an tan lasfus a fhearg dhá laghad. Is beannuigh an dream uile, noch chuirios a ndóigh ann.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 2