Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 19:1-7 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Foillsighid na flaithis glóir Dé; taisbeanuid na spéirigh obair a lámh.

2. Foillsighidh lá urlabhradh do lá oile, agus foillsíghidh oidhche eagna doidhche.

3. Ní bhfuil comhrádh ar bith, agus ní bhfuil focail nach ccluintear a nguth.

4. Téid a líne go fóirleathan annsa talamh uile, agus a mbríathra go deireadh an domhuin. Do chuir sé páilliun don ghréin ionnta,

5. Noch atá amhuil fear mná pósta ag teacht amach, as a sheómra, lúathgháirighidh sé amhuil fear neartmhar ag rioth coímhlionga.

6. O théoruinn na bhflaitheas iseadh thríallus amach, agus a thimchiollradh go nuige a théorannuibh oile: agus ní bhfuil aóinni a bhfolach ó na theas.

7. Atá dligheadh an TIGHEARNA iomlán, ag iompógh a nanma: is fírinneach fiaghnuise an TIGHEARNA, ag déanamh an tsimpligh críonna.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 19