7. Taisbéin do chinéul grádhach iongantach, ó thusa noch sháorus led láimh dheis an luchd do chuirios a ndóigh ionnad ón mhuinntir noch éirghios súas na naghaidh.
8. Coimhéad mé mar mheall na súl, foluigh mé faói scáile do sciathán,
9. O na ciontachuibh noch sháruighios mé, óm naimhdibh marbhthacha, noch thimchiollas mé fa ccuairt.
10. Atáid síad dlúithithe iona méuthus fein: le na mbeul labhruid go huáibhreach.
11. Do thimchiolladar anois sinn ionar ccoiscéimibh: do chuireadar a súile ag cromadh síos chum na talmhan;
12. Amhuil leomhan noch ata geanach chum a chreiche, agus mar leomhan óg ag forchoimhéad a nionaduibh díamhara.
13. Eírigh, ó a THIGHEARNA, toirmisc é, teilg sios é: fúasguil manam ó na cionntachaibh, red chloidheamh:
14. O dhaóinibh red láimh, a THIGHEARNA, ó dhaóinibh an tsáoghail, agá bhfuil a ccuid annsna mbeathaso, ag ar líonuis a mbuilg led ionnmhus foluigheach: atáid síad lán do chloinn, agus fágbhuid an chuid oile dá maóin agá naóidheanuibh.
15. Air mo shonsa, do bhéara mé aire dot ghnúisi a bhfíréantacht: biáidh mé sásuigh, an tan mhúisgeolus mé, led chosamhlacht.