Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 16:3-11 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

3. Acht chum na náomh atá air talamh, agus chum na noirdhearc, iona bhfuil mo uile thaitneamh.

4. Méideochar a ndóbhrón, noch bhrostuighios a ndiáigh día oile: a ndeoch-íodhbartha fola ni ofrála mé, ní thógfa mé súas a nainm chum mo phus.

5. Isé an TIGHEARNA comhroinn moighreachda agus mo chupáin: cothuighionn tú mo chrannchair.

6. Do thuiteadar na comharthadha chugamsa a nionaduibh thaitneamhacha; fós, atá oighreachd mhaith agum.

7. Beinneocha mé an TIGHEARNA, noch thug comhairle dhamh: do thegaisgeadar mo dhubháin mé mar an ccéadna a naimsir na hoidhche.

8. Do chuirios an TIGHEARNA do ghnáth ós mo choinne: do bhrígh go bhfuil sé air mo láimh dheis, ní chorrochthar mé.

9. Uime sin atá mo chroidhe lúathgháireach, agus gáirdighidh mo ghlóir: coimhneochuidh mo cholann mar an ccéadna a ndóthchus.

10. Oír ní fhágfa tú manam a nifrionn; ní mó fhuileongthair truáilliughadh dfaicsin dot Aon Naomhtha féin.

11. Taisbeanfa tú dhamh casáin na beatha: ad lathairsi atá líonmhaireachd lúathgháire; air do láimh dheis atá sáimhe go síothbhúan.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 16