1. A THIGHEARNA, cía choimhneochus ann do thabernacuil? cía áitreobhus ann do chnoc náomhtha?
2. An té shiubhluighios go díreach, agus oibrighios fíréantachd, agus labhrus a nfírinne iona chroidhe.
3. An té nach déan ithiomrádh le na theangaidh, is nach déan olc dá chomharsuin, is nach ttógbhann súas míochlú a naghaidh a chomharsan.
4. An té a ttarcuisnighthear an droch-dhuine iona shúilibh; achd onóruighios an dream air a mbí eagla an TIGHEARNA. An té noch mhionnuighios chum a dhioghbhála féin, agus nach malartuighionn.
5. An té nach ccuireann amach a chuid airgid cum úsúireachda, is nach glacann luáidheachd a naghaidh na neimhchiontach. An té do ní na neitheso ni háthrochthair é go bráth.
Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 15