1. Moluidh an TIGHEARNA. Moluidh an TIGHEARNA ó na neamhuibh: moluidh é annsna hárduibh.
2. Moluidh é, a aingle féin uile: moluidh é, a shlúagh uile.
3. Moluidh é, a ghrían agus a ghealach: moluidh é, a uile réulta an tsoluis.
4. Moluidh é, a neamha na neamh, agus na huisgeadha atá os cionn na neamh.
5. Molaidís ainm an TIGHEARNA: óir do aithin sé, agus do cruthuigheadh íad.
6. Agus do dhaingnidh sé choidhche, agus go bráth íad: thug sé reachd úadh agus ní sáireochthar í.
7. Moluidh an TIGHEARNA ón ttalamh, a dhragúna, agus a uile dhoimhne:
8. Teine, agus cloichshneachda; sneachda agus deathuigh: gáoth anfadhach ag coimhliónadh a bhréithre.
9. Na sléibhte, agus na huile chnoic; croinn thoraidh, agus a nuile shéadar
10. An beathach allta, agus a nuile ainmhidhe; gach ní shnáighios, agus éunlaith eitiolus:
11. Ríghthe na talmhan, agus na huile dhaoine; prionnsoighe, agus uile bhreitheamhuin na talmhan: