Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 147:8-18 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

8. Noch fholchus neamh ré néulluibh, noch ullmhuighias fearthuinn don talamh, noch do bheir air fhéur fás air na sléibhtibh.

9. Do bheir sé do nainmhidhe a bhíadh, agus do na fíachoibh óga noch gháirios,

10. Ní bhí a dhúil a neart a neich: ní bhíonn dúil aige a ccosaibh an duine.

11. Bí dúil aig an TTIGHEARNA annsa lucht air a mbí a éagla, noch chuirios dóigh iona thrócaire.

12. Mol an TIGHEARNA, ó lerusalem; molsa do Dhía, a Shíon.

13. Oír do neartuigh sé barradha do dhoirsi; do bheannuigh sé do leinibh ann do mheadhón.

14. Suidhidhe sé síothcháin ann himiol, lé méathas cruithneachta sásuighe sé thú.

15. Cuiridh sé a rádha air án ttalamh: is ro lúath rithios a bhríathar.

16. Do bheir sé úadh sneachta amhuil olann: spréidhe sé an sioc liath amhuil luáith.

17. Teilgidh sé amach a leac oidhre mar ghreamanna: cia fhéadas seasamh ós cuinne a fhúachd?

18. Cuiridh sé a bhríathar úadh, agus leagha sé íad: seidfe lé na anáil, agus rithid na huisgeadha.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 147