Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 145:3-16 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

3. Is mór an TIGHEARNA, agus is ionmholta go ro árrachta; agus ní bhfuil cúartughadh air a mhórdhacht.

4. Molfa geinealach hoibreacha do gheinealach oile, agus foillseochaid do ghniomha cumhachtacha.

5. Laibheora misi air dhathamhlacht glóire do mhórdhachta, agus air do ghníomhuibh iongantacha.

6. Agus labheoruid dáoine air neart do ghníomh uathbhásach: agus foillseocha misi do mhórdhachd.

7. Laibheoruid síad ós áird cuimhne do mhaitheasa móire, agus canfuid thfíréantachd.

8. Atá an TIGHEARNA grásamhuil, agus lán do thruáighe; fadfhuilingtheach, agus mórthrócaireach.

9. Is maith an TIGHEARNA do nuile: agus atá a thrócaire chinealta ós cionn a oibreach uile.

10. Molfuid hoibreacha uile thú, a THIGHEARNA; agus beinneochuid do naóimh thú.

11. Laibheoruid síad ar ghlóir do rioghachd, agus do dhéanaid caint air do neart;

12. Do chur a mhóirghníomha agus mhórdhachd ghlórmhar a rioghachta, an umhail do chloinn na ndaoine.

13. Is rioghacht síorruigh do rioghachtasa, agus do chumhachda tre nuile ghinealach.

14. Congmhaidh an TIGHEARNA súas gach a mbí ag tuitim, agus tógbhuidh súas a núile chlaonas síos.

15. Feithchid súile a nuile ortsa; agus do bheir tú a mbíadh dhóibh íona am féin.

16. Fosclaidh tú do lámh, agus sásuigh tú mían a nuile neithe béo.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 145