1. Molfa mé thú ós áird, mo Dhía, a rígh; agus beinneochad hainm choidhche, agus go bráth.
2. Gach áon lá beinneochaidh mé thú; agus molfad hainm choidhche agus go bráth.
3. Is mór an TIGHEARNA, agus is ionmholta go ro árrachta; agus ní bhfuil cúartughadh air a mhórdhacht.
4. Molfa geinealach hoibreacha do gheinealach oile, agus foillseochaid do ghniomha cumhachtacha.
5. Laibheora misi air dhathamhlacht glóire do mhórdhachta, agus air do ghníomhuibh iongantacha.
6. Agus labheoruid dáoine air neart do ghníomh uathbhásach: agus foillseocha misi do mhórdhachd.
7. Laibheoruid síad ós áird cuimhne do mhaitheasa móire, agus canfuid thfíréantachd.