Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 144:4-15 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. Is cosmhuil an duine le díomhaoinios; atáid a láethe mar scáile ag dul seacha.

5. A THIGHEARNA, cláon do fhlaithis, agus tárr a núas: bain ris na sléibhtibh, agus do dhéanaid deatach.

6. Teilg uáit amach tinnteach, agus spréidh íad: cuir uáit amach do shoighde, agus claóidh íad.

7. Cuir uáit do lámh ó a núas; sáor mé, agus tárthaigh mé ó na huisgeadhuibh móra, ó láimh na cloinne coigcríghe;

8. Noch a labhraid a mbéil díomhaóinios, agus a lámh deas gur lámh deas bhréige í.

9. O a Dhé, canfa mé caintic núadh dhuit: air an tsailmchéolach agus air instrument deith ttéad chanfas mé sailm dhuit.

10. An té do bheir slánughadh do ríghthibh: an te thárthuighios Dáibhi a sheirbhíseach ó chloidhiomh a nuilc:

11. Tárthuigh, agus sáor mé ó láimh ccloinne an choimhthighidh, noch a labhrann a mbéul díomhaoineas, agus a lámh dheas gur lámh dheas bhréige í:

12. Ionnus go rabhaid ar mic mar plannduighe móra ag fas iona nóige; ar ningheana mar clocha cuinne ar na ngearradh, do réir chosamhlacht pháláis:

13. Ar sgiobóil lán, ag tabhairt a nuile chinéul stóir úatha; ar dtréada ag breith mílte agus deich mílte ionar sráidibh:

14. Ar ndaimh ladir chum oibrighe; gan briseadh a steach, ná dul amach; ná gearán ann ar sráidibh.

15. Is sona na daóine, atá annsa riochdsa: as sona na daóine, gha bhfuil an TIGHEARNA na Dhía aca.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 144