Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 144:2-11 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

2. Mo thrócaire, agus mo dhaingionn; mo dhídion, agus mfear sáortha, mo sgiath, agus an té ann a gcuirim mo dhóigh; noch umhluighios mo dhaóine fúm.

3. A THIGHEARNA, cred é an duine, as a mbeirionn tú aithne air ! mac an duine, as a ttugann tú meas air !

4. Is cosmhuil an duine le díomhaoinios; atáid a láethe mar scáile ag dul seacha.

5. A THIGHEARNA, cláon do fhlaithis, agus tárr a núas: bain ris na sléibhtibh, agus do dhéanaid deatach.

6. Teilg uáit amach tinnteach, agus spréidh íad: cuir uáit amach do shoighde, agus claóidh íad.

7. Cuir uáit do lámh ó a núas; sáor mé, agus tárthaigh mé ó na huisgeadhuibh móra, ó láimh na cloinne coigcríghe;

8. Noch a labhraid a mbéil díomhaóinios, agus a lámh deas gur lámh deas bhréige í.

9. O a Dhé, canfa mé caintic núadh dhuit: air an tsailmchéolach agus air instrument deith ttéad chanfas mé sailm dhuit.

10. An té do bheir slánughadh do ríghthibh: an te thárthuighios Dáibhi a sheirbhíseach ó chloidhiomh a nuilc:

11. Tárthuigh, agus sáor mé ó láimh ccloinne an choimhthighidh, noch a labhrann a mbéul díomhaoineas, agus a lámh dheas gur lámh dheas bhréige í:

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 144