Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 144:1-7 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Go madh beannuigh an TIGHEARNA mo charruic, noch mhúinios mo lámha chum catha, mo mhéir chum cogaidh.

2. Mo thrócaire, agus mo dhaingionn; mo dhídion, agus mfear sáortha, mo sgiath, agus an té ann a gcuirim mo dhóigh; noch umhluighios mo dhaóine fúm.

3. A THIGHEARNA, cred é an duine, as a mbeirionn tú aithne air ! mac an duine, as a ttugann tú meas air !

4. Is cosmhuil an duine le díomhaoinios; atáid a láethe mar scáile ag dul seacha.

5. A THIGHEARNA, cláon do fhlaithis, agus tárr a núas: bain ris na sléibhtibh, agus do dhéanaid deatach.

6. Teilg uáit amach tinnteach, agus spréidh íad: cuir uáit amach do shoighde, agus claóidh íad.

7. Cuir uáit do lámh ó a núas; sáor mé, agus tárthaigh mé ó na huisgeadhuibh móra, ó láimh na cloinne coigcríghe;

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 144