5. Do chuimhnigh mé air an tseanaimsir; do smuáin mé ar hoibreachuibhse uile; do smuáin mé ar oibreachaibh do lamh.
6. Do shín mé mo lámha chugadsa: atá manam mar an ttalamh tartmhar chugad. Selah.
7. Déan deithnios, cluin mé, a THIGHEARNA: atá mo spiorad ag meirtniugh: ná foluigh haghaidh uáim, deagla go mbéinn cosmhuil ris an ndroing noch théid síos annsa log.
8. Tabhair orum do thrócaire do chloisdion air maidin; óir is ionnadsa chuirim mo dhóigh: tabhair orum an tslighe daithniughadh ann a siubhola mé; óir is chugadsa thógbhuim súas manam.
9. Sáor mé, óm naimhdibh, a THIGHEARNA: chugadsa theithim dom fholach.
10. Múin damh do thoil do dhéanamh; óir is tú mo Dhía: tréoruigheadh do dheighspiorad mé, a steach a ttalamh an díorghuis.
11. Béodhuigh mé, a THIGHEARNA, ar son hanma féin: ann thfíréantachd bhéaras tú manam amach as anacair.
12. Agus ann do thrócaire geárrfa tú mo uile naimhde, agus scriosfa tú gach a chraighios manma: óir is mé do sheirbhíseach.