Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 141:1-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. A THIGHEARNA, éighim chugadsa: déan deithfir chugam; tabhair éisteacht dom ghuth, an tan ghairim ort.

2. Bíodh murnaigh ar na díriughadh ós coinne haighthe mar thúis; tógbháil súas mo lamh mar íodhbairt an tráthnóna.

3. Cuir a THIGHEARNA, faire, air mo bhéul; coimhéad dorus mo phuisíneadh,

4. Ná cláon mo chroidhe chum droichneithe, chum droichghníomha do dhéanamh ré daóinibh noch oibrighios urchóid: agus ná léig dhamh ithe dá mbíadhuibh millsi.

5. Buaileadh an fíreun mé; budh cineul dhamh sin: fós imdheargadh sé mé; budh ola mórlúaighe sin, nach brisfidh mo cheann: biáidh fós mo ghuidhe léo iona nanacair.

6. Mar bhéid a mbreitheamhuin ar na tteilgionn síos lé táobhuibh na cairge, annsin cluinfid mo bhríathrasa; óir is aóibhinn íad.

7. Mar thochlas neach agus scoiltios sé connadh air an ttalamh, atáid ar gcnámha ar na sgacadh a ttimchioil bhéil na huáighe.

8. Acht chugadsa a Dhía mo THIGHEARNA, atáid mo shúile: ionnadsa do chuir mé mo dhóigh; na léig manam gan dídean.

9. Cumhduigh mé ar neart an phaintéar noch do shuigheadar am choinne, agus air innlibh luchta oibrighthe na hurchóide.

10. Tuiteadh na ciontuigh iona líontaibh féin, an feadh bhías misi ag dúl thairis.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 141