Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 140:1-13 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Saor mé, a THIGHEARNA, ón drochdhuine: ó fhior a nfoiréigin coimhéad mé;

2. Noch smuáinios urchóid a gcroidhe; cruinnighid ar feadh an laói a gceann a chéile chum cogaidh.

3. Do ghéaruigheadar a tteangtha amhuil naithir nimhe; atá nimh naithreach iona mbéul. Selah.

4. Coimhéad mé, a THIGHEARNA, ó lámhaibh na cciontach; dídin mé ó fhior a nfoiréigin; noch shaóilios mo choiscéime do chlaóidh.

5. Dfoluigheadar na huáibhrigh an paintéar am choinne, agus corduighe; do shíneadar líon ré taobh na slígheadh: do chuireadar innle am choinne. Selah.

6. A dubhairt mé ris an TTIGHEARNA, Is tusa mo Dhía: cluin a THIGHEARNA, guth mathchuingheadh.

7. A THIGHEARNA a Dhé, neart mo shlánuighthe, dfholuigh tú mo cheann a ló an chatha.

8. Ná deónuidh, a THIGHEARNA, míana na gciontach: agus ná críochnuigh a ndroch tionnsgnamh; go nach áirdeochuid íad féin. Selah.

9. Ar son cheann ndaóine noch thimchiollas mé fá gcuáirt, folchadh tubaisde a mbéil féin íad.

10. Tuiteadh orra sméaróidighe ar na lasadh: teilgthear annsa teine íad; a bpollaibh doimhne, iondus nach néirghid aris.

11. Ná daingnithior fear dhrochtheangtha ar talamh: fear a nfoiréigin do dhéana urchaid sealgidh air chum a dhíbeartha.

12. Is aithne dhamh go ndéana an TIGHEARNA ceart don bhuáidhearthach, agus breitheamhnus do nuireasbhuidheach.

13. Go deimhin molfa an firéun hainm: biáidh an ceart na chomhnuidhe ar haghaidh.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 140