Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 139:8-17 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

8. Má théighim súas go flaitheamhnus, atá tusa ann: má ullmhuighim mo leabaidh a nifrionn, féuch, atá tusa a lathair.

9. Má ghabhuim sciatháin na maidne, agus má chomhnuighim a rannaibh foiriomlacha na mara;

10. Ann sin fos tréorochuidh do lámhsa mé; agus coinneomhuidh do lámh dheas mé.

11. Agus má deirim, Foileochuidh an dorchadus mé go deimhin; biáidh a noidhche go dearbhtha na solus am thimchioll.

12. An dorchadus féin ní dhorchuighionn uáitsi; agus do bheir a noidhche solus úaithe mar an lá: mar an ndorchadus is amluidh sin atá an solus.

13. Oír do shealbhuidh tú mo dhubháin: dfoluigh tú mé a mbroinn mo mhathar.

14. Molfa mé thú; do bhrígh go ndéarnadh mé go hiongantach agus go húathbhasach: is oirdheirc hoibreacha; agus atá a fhios sin aig manamsa go ro mhaith.

15. Ní raibh madhbharneith a bhfolach ortsa, an tan do rinneadh mé a nuáignios, agus do hoibrigheadh mé go healadhanta a rannaibh íochtaracha na talmhan.

16. Do chonncadar do shúile mo mheall, míochumtha; agus do bhádar uile scríobhtha ann do leabharsa, noch a mbúanus do dhéantaoi a ndeilbh, an tan nach raibh aon díobh?

17. Cred é fós mórlúaigh atáid do smuáintighthe dhamhsa, a Dhé ! cred é mhéud a nuibhir !

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 139