6. Is iongantach héolus ós mo chionn; atá sé árd, ní fhéaduim rochtuin chuige.
7. Cá háit a rachaidh mé ó do spiorad? nó cá háit a tteighfe mé ó do radharc?
8. Má théighim súas go flaitheamhnus, atá tusa ann: má ullmhuighim mo leabaidh a nifrionn, féuch, atá tusa a lathair.
9. Má ghabhuim sciatháin na maidne, agus má chomhnuighim a rannaibh foiriomlacha na mara;
10. Ann sin fos tréorochuidh do lámhsa mé; agus coinneomhuidh do lámh dheas mé.
11. Agus má deirim, Foileochuidh an dorchadus mé go deimhin; biáidh a noidhche go dearbhtha na solus am thimchioll.
12. An dorchadus féin ní dhorchuighionn uáitsi; agus do bheir a noidhche solus úaithe mar an lá: mar an ndorchadus is amluidh sin atá an solus.
13. Oír do shealbhuidh tú mo dhubháin: dfoluigh tú mé a mbroinn mo mhathar.