1. A THIGHEARNA, do chúartuigh tu mé, agus daithin tú mé.
2. Is aithne dhuit mo shuighe agus méirghe, tuige tú mo smuáineadh a bhfad uáit.
3. Spíona tú mo chasán agus mo luidhe síos, agus atá tú éolach air mo shlighthibh uile.
4. An tan nach bhfuil an fhocal ann mo theangaidh, féuch, a THIGHEARNA, is aithne dhuitse sin uile.
5. Am dhiaigh agus romham gabhaidh tú am thimchioll, leagaidh tú do lámh orum.
6. Is iongantach héolus ós mo chionn; atá sé árd, ní fhéaduim rochtuin chuige.