Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 136:7-26 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

7. An té do rinne soillsighe móra: óir mairigh a thrócaire choidhche.

8. An ghrían do riaghladh san ló: óir mairigh a thrócaire choidhche.

9. An ghealach agus na réalta do riaghladh na hoidhche: óir mairigh a thrócaire choidhche.

10. An té do bhuail a Négipte maille re na céidgheinibh: óir mairigh a thrócaire choidhche.

11. Agus thug Israel as a meadhón sin: óir mairigh a thrócaire choidhche.

12. Le láimh láidir, agus le rígh sínte amach: óir mairigh a thrócaire choidhche.

13. An té do roinn an mhuir Rúadh a ndá chuid: óir mairigh a thrócaire choidhche.

14. Agus thug air Israel dul thríd a meadhon: óir mairigh a thrócaire choidhche.

15. Agus do chlaóidh Pháraoh agus a shlúagh annsa muir Ruáidh: óir mairigh a thrócaire choidhche.

16. An té do thréoruidh a dhaoine san díothramh: óir mairigh a thrócaire choidhche.

17. An té do bhuáil ríghthe móra: óir mairigh a thrócaire choidhche.

18. Agus do mharbh ríghthe oirdhearca: óir mairigh a thrócaire choidhche.

19. Sihon rígh na Namoríteach: óir mairigh a thrócaire choidhche.

20. Agus Og rígh Básan: óir mairigh a thrócaire choidhche.

21. Agus thug a bhfearann mar oighreachd: óir mairigh a thrócaire choidhche.

22. Oighreacht Dísrael a sheirbhíseach: óir mairigh a thrócaire choidhche.

23. Noch do chuimhnigh oruinn ionar staid uirísil: óir mairigh a thrócaire choidhche.

24. Agus dfúasgail sinn ó ar naimhdibh: óir mairigh a thrócaire choidhche.

25. Do bheir sé arán do nuile fheóil: óir mairigh a thrócaire choidhche.

26. Moluidh Día nimhe: óir mairigh a thrócaire choidhche.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 136