Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 135:13-20 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

13. A THIGHEARNA, atá hainm, go síorruighe; a THIGHEARNA, atá do chuímhne, ó ghinealach go ginealach.

14. Oír béaraidh an TIGHEARNA breitheamhnus air a dhaóinibh, agus biáidh aithreachus air a ttáobh a sheirbhíseach.

15. Is airgiod agus ór íomhaighe na ngeinteadh, obair lámh dáoine.

16. Atá béul aca, agus ní labhraid; atáid súile aca, agus ní fhaicid síad;

17. Atáid cluása aca, agus ní chluinid; agus ní bhfuil fós anál iona mbéul.

18. Is cosmhuil ríu an lucht do ní íad: gach a ccuirionn a ndóigh ionnta.

19. A thigh Israel, beannuigh an TIGHEARNA: a thigh Aaron, beannuigh an TIGHEARNA:

20. A thigh Lébhi, beannuigh an TIGHEARNA: sibhsi air a bhfuil eagla an TIGHEARNA, beannuighe an TIGHEARNA.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 135