Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 132:4-16 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. Ni thugam codladh dom shúilibh, táimhnéull do mhogluibh mo shúl,

5. Go bhfaghar ionad don TIGHEARNA, ionad comhnuighe do Dhía chumhachdach Iácob.

6. Féuch, do chúalamar so ann Ephrátah: fúaramar é a maghuibh na coilleadh.

7. Racham a steach iona nionaduibh comhnuighe: claonfam sinn féin chum cos-stóil a chos.

8. Eirigh, a THIGHEARNA, chum hionaid comhnuighe; thú féin, agus aírc do neirt.

9. Bídis do shagairt éaduighthe le fíréantachd; agus déindís do naóimh lúathgháire.

10. Ar son Dáibhi do sheirbhísigh ná fill uáinn aghaidh hungthaidh.

11. Do mhionnuigh an TIGHEARNA do Dháibhi a bhfírinne; ní fhillfe sé úadh sin; Do thoradh do choirp suigheochaidh sé ann do chathaóir ríogha.

12. Má choimhéaduid do mhic mo chunnradh agus mfíaghnuiseadha noch mhúinfead dóibh, suighfid a cclann mar an cceadna go síorruighe ann do chathaoir ríogha.

13. Oír do thogh an TIGHEARNA Síon; do dhúiligh é mar ionad suighe.

14. Asé so mo shuáimhneas go síorruidhe: annso dhéanad comhnuighe; óir fuair me dúil innte.

15. Beinneochad a maitheas go hiomarcach: sásfa mé a boicht le harán.

16. Agus fós éideochuidh mé a sagairt ré slánughadh: agus do dhéanaid a naóimh gáirdeachus ré lúathgháire.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 132