Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 132:1-14 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Cuimhnigh, a THIGHEARNA, Dáibhi agus a nuile bhúaidhreadh:

2. Noch thug mionna don THIGHEARNA, thug a mhóid dó Dhía chumhachtach Iácob;

3. Go deibhin ni théighim a steach a tteaghais mo thighe, agus ni théighim súas air mo leabaidh;

4. Ni thugam codladh dom shúilibh, táimhnéull do mhogluibh mo shúl,

5. Go bhfaghar ionad don TIGHEARNA, ionad comhnuighe do Dhía chumhachdach Iácob.

6. Féuch, do chúalamar so ann Ephrátah: fúaramar é a maghuibh na coilleadh.

7. Racham a steach iona nionaduibh comhnuighe: claonfam sinn féin chum cos-stóil a chos.

8. Eirigh, a THIGHEARNA, chum hionaid comhnuighe; thú féin, agus aírc do neirt.

9. Bídis do shagairt éaduighthe le fíréantachd; agus déindís do naóimh lúathgháire.

10. Ar son Dáibhi do sheirbhísigh ná fill uáinn aghaidh hungthaidh.

11. Do mhionnuigh an TIGHEARNA do Dháibhi a bhfírinne; ní fhillfe sé úadh sin; Do thoradh do choirp suigheochaidh sé ann do chathaóir ríogha.

12. Má choimhéaduid do mhic mo chunnradh agus mfíaghnuiseadha noch mhúinfead dóibh, suighfid a cclann mar an cceadna go síorruighe ann do chathaoir ríogha.

13. Oír do thogh an TIGHEARNA Síon; do dhúiligh é mar ionad suighe.

14. Asé so mo shuáimhneas go síorruidhe: annso dhéanad comhnuighe; óir fuair me dúil innte.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 132