Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 129:4-8 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

4. Atá an TIGHEARNA fíréunta: noch do ghearr ó chéile téada na gciontach.

5. Cláoidhtear íad agus iompoighthear ar gcúl gach a bhfuathuighionn Síon.

6. Bídís cosmhuil ris an bhféur fhásas a mulladhuibh na ttightheadh, noch chríonas ní is doichthe ná fhásas go hiomlán:

7. Lé nach líonann an búanuighe a lámh; ná fear ceangail na bpunnann a bhrollach.

8. Agus nach abraid lucht gabhála na sligheadh, Bíodh beannughadh an TIGHEARNA oruibh: beannuighmid sibh a nainm an TIGHEARNA.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 129