Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 127:1-5 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Muna bhfoirgníghe an TIGHEARNA an tigh, is díomhaóin oibrighid an lucht fhoirgnighios é: muna ccumhduighe an TIGHEARNA an chathair, is go díomhaóin do ní an fear coimhéada faire.

2. Is díomhaóin díbhsi noch éirghios go moch shighios go deighionach, noch íthios arán an doilghiosa: marsin do bhéaraidh sé codladh dá fhior gráidh.

3. Féuch, is oighreacht don TIGHEARNA clann: toradh na mbronn a luaidheachd.

4. Mar shoighde a láimh an duine arrachtaigh; is amhluigh sin atá clann na hóige.

5. Is beannuighe an duine agá bhfuil a bholgán soighiod lán díobh: ní bhiáid claóidhte, an tan leibheoruid lé na naimhdibh san gheata.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 127