2. Annsin do líonadh ar mbéul ré gáireadha, agus ar tteanga ré lúathgháire: a dubhradar annsin a measg na gcineadhach, Do rinne an TIGHEARNA éachta móra dhóibh.
3. Do rinne an TIGHEARNA neithe móra linne; atamaóid lúathgháireach.
4. Iompoigh a rís a THIGHEARNA ar mbraighdionas, mar na srothaibh budh dheas.
5. An dream chuirios síol a ndéaruibh beanfaid a lúathgháire.
6. An té dimthigh amach go doilghiosach agus do ghuil, ag cur a shíl, tiocfa sé lé lúathgháire, ag iomchar a phunnann.