Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 126:1-6 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Anuair do thug an TIGHEARNA braighdionas Síon air ais, bá cosmhuil sinn leis a ndroing do chídh aisling.

2. Annsin do líonadh ar mbéul ré gáireadha, agus ar tteanga ré lúathgháire: a dubhradar annsin a measg na gcineadhach, Do rinne an TIGHEARNA éachta móra dhóibh.

3. Do rinne an TIGHEARNA neithe móra linne; atamaóid lúathgháireach.

4. Iompoigh a rís a THIGHEARNA ar mbraighdionas, mar na srothaibh budh dheas.

5. An dream chuirios síol a ndéaruibh beanfaid a lúathgháire.

6. An té dimthigh amach go doilghiosach agus do ghuil, ag cur a shíl, tiocfa sé lé lúathgháire, ag iomchar a phunnann.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 126