Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 125:1-5 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Biaidh an lucht chuirios a ndóigh annsa TIGHEARNA mar shlíabh Síon, nach féidir a chorrughadh, ach mhairios go bráth.

2. Atáid Ierusalem na sléibhte na timchioll; agus is amhluigh atá an TIGHEARNA a timchioll a dhaóine ó núairsi agus go síorruidhe.

3. Oír ní dhéanaidh slat an chorbuidh comhnuidhe ar chrannchair na bhfíréan; iondus nach sínfid na fíréin a lamha amach chum corbuidh.

4. Déan maith, a THIGHEARNA, do na deaghdhaóinibh, agus don díreach a ccroidhe.

5. Acht an lucht chláonas chum na ndroichshligheadh, tréorochuidh an TIGHEARNA íad lé lucht oibrighthe a négceirt: go raibh síothcháin air Israel.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 125