1. Chugadsa tógbhuim súas mo shúile, ó thusa noch áitreabhus annsna neamhuibh.
2. Féuch, mar atáid súile na seirbhíseach chum láimhe a maighistir, mar atáid súile banógluich chum láimhe a maighistreása; is mar sin atáid ar súilene chum an TIGHEARNA ar Ndia, no go raibh sé grásamhuil dúinn.
3. Déan trócaire oruinn, a THIGHEARNA, déan trócaire oruinn: óir atámaoid air ar nainlionadh le tarcuisne.
4. As mór atá ar nanam ar na líonadh le tarcuisne na druinge atá a súaimhneas, re tarcuisne na nuáibhreach.
Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 123