Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 12:1-6 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Cabhair, a THIGHEARNA; óir scuiridh an duine díadha; óir faillighidh an creidmheach do bheith a measc chloinne na ndaóine.

2. Labhruid síad díomhaóineas gach uile dhuine re na chomharsuin: le pusaibh meabhlacha le croidhe dúbalta labhruid síad.

3. Géarrfuidh an TIGHEARNA amach gach uile phus meabhlach, agus an teanga noch labhras neithe uáibhreacha:

4. Noch a dubhairt, Le ar tteangaidh buáidhirfeam; is linn féin ar bpuis: cía is TIGHEARNA ós ar ccionn?

5. Ar son sáruighthe na mbochd, ar son osnadhach na neasbhadhach, anois éireocha mé, (a dubhairt an TIGHEARNA); cuirfé mé eision a neamhbaoghal ón té do chuirfeadh a ngaiste é.

6. Focail an TIGHEARNA is focail ghlana íad: mar airgiod dearbhtha a bhfuirnéis chriadh, niamhghlanta seachd nuáire.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 12