84. Cá líon láethe do sheirbhísigh? cá huáir bhéarair breitheamhnus a naghaidh na droinge ainleanas mé?
85. Do thochladar na huáibhrigh puill am choinne, noch nach raibh do réir do dhlighesi.
86. Atáid haitheantasa uile fírinneach: ainleanad mé go héagcóir; cuidighsi liom.
87. Is beag nar chnaóidheadar mé air an ttalamh; níor thréig mé haitheantasa.
88. Béoghuidh mé do réir do thrócaire; agus coimhéadfa mé breitheamhnuis do bhéil.
89. Go síorruidhe, a THIGHEARNA, atá do bhríathar ar na dhaingniughadh annsna neamhuibh.
90. Go ginealach agus go ginealach atá thfírinne: do dhaingnigh tú an talamh, agus seasaidh sé.
91. Do réir hórduighthe seasuid a niugh: óir is seirbhísigh dhuit íad uile.
92. Muna bheith gur bé do dhligheadh mo ro thaitneamh, annsin do mheithfinn ann mo bhuáidhreadh.
93. Ní dhearmodfad go bráth haitheantasa: óir is léosin do bhéoghuidh tú mé.
94. Is leatsa mé, tárthuigh mé; óir díarr mé haitheanta.
95. Do bhí an ciontach ag brath orum chum mo mhillte: measfa mé thfíadhnuiseadha.